Ag siúl chun Aifrinn ar an Chlochán Liath, bhí ceithre mhíle go leith le taisteal acu. Bhíodh siad ar a dtroscadh ag dul an Aifrinn agus bhíodh ocras orthu, corr uair bhíodh siad fliuch báite ach ní raibh leath oiread tinnis ann san am sin agus mar atá anois.
00:02:13
Na leabhair a bhíodh acu ar an scoil, bhí an Teagasc Críost le bheith acu de ghlan mheabhair. Chuireadh an sagart scrúdú orthu roimh dul chuig an Easpaig nó choinnítí ar ais trí bliana iad. Chaitheadh na páistí an scoil a fhágáil ag 14 bliana d’aois agus bhí léir daoine ag dul amú.